Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)

Suíomh:
Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Siochfhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 095

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 095

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Máistir Gaoithe
  2. XML Leathanach 095
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-Fhochail
    Fadó do bhí mórán sean-fhocail ag na sean-daoine agus déarfaidís na sean-fhocail sin in ócáididh áirighthe. Seo cuid díobh a fuaireas ó’m athair. “Ní raibh seana-bhróg riamh ná go bhfaghfaí sean-stoca dó.” Sé an brígha atá leis seo ná, nách bhfuil duine sa tsaoghal pe acha ait nó ciallmhar é ná bhfaigheann a cómh-duine féin. “Pósfaí an cat dá mbeadh airgead aige,” sé sin dá mí-thaithneamhaighe aon duine má bhíonn sé saidhbir, geobhtar bean a phósfaidh é. “Is fearr an cú a bhíonn ar siubhal nú an cú a bhíonn na lúb,” Is é an brígh atá le seo ná, ná bhfaghainn duine aon nídh as díomhaointeas. "B’fearr liom bean ‘na léine agus bean eile agus spré aici.” Is fearr bean críochnúil, gasta gan aon spré ná straoile mná go mbeadh airgead aici. ”Nuair a théigheann an gabhar go dtí an teampall ní stadann sé go dtéigheann sé do’n áltóir.” Nuair a gheibheann daoine áirghthe cead beag tógann siad a thuille.
    Síghle Ní Shíothcháin,
    Inse na Tuinne,
    Maistir-Gaoithe,
    Cill-Áirne,
    Fuaireas an é seo ó,
    Seán Ó Síothcháin,
    Inse na Tuinne,
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shíothcháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Inse na Toinne, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Síothcháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Inse na Toinne, Co. Chiarraí