Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad seo cuid des na cómharthaí atá ag na sean-daoine i dtaobh na h-aimsire. - Núair is féidir leat na rudaí i bhfad ó bhaile dfeiscint go soiléar is cómhartha droch h-aimsire é sin. Cómharta eile droch h-aimsire núair a cítear na faoidhlin ag teacht isteach ón bhfairrge mar tagann siad isteach núair a bhíonn sto [?] ag teacht. Cómharthaí báistige iseadh má feiceann tú boga tímcheall ar an geallaig agus má feiceann tú bathanna ar na smearóide sa teine.
Cítear na bric ag léimrig san abhainn núair a bhíonn baisteach ag teacht. Cómhartha eile baistge, an súigh a bheith ag tuitim den seimné anuas. Cómhartha aimsir bréag iseadh trompalán bheit ag amhrán. Bíonn na reuiltíní anna geal agus bíd fé mar a bheadh beor asta, núair a bhíonn sioc ag teacht.
Dearg aniar graf agus grían
Dearg anoir sneacta agus sioc
Dearg adtúaid báine ag búaibh
Dearg andeas stoirm ag teacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Séaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí