Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 040
- XML “An Gorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní cuimhin le h-aoinne den sinnsear seo aimsear an droch-shaoghail sa bliadhain ocht gcéad déag agus dachad a seacht. Cailleadh mór cuid daoine le h-ochras an bliadhain sin mar b'é an bliadain ganntanas ba mó a tháinig le os cionn ceud bliadhain roimhe sin. Bí biadh dá roinnt annso agus annsúd san aimsir sin. Tighthe súip a tughadh ortha so. Bí tig acu so i Gurrán na Folla agus tá cuid des na fallaí i na h-seasamh fós. Tig an tSúip atá mar ainm ar an áit na raibh sé. Bí min feóíl agus arán dá riar sa tig seo ach níor srois a raibh de bhiadh dá riar ann an deichúghadh cuid dá raibh na gátar. Bí neantóga cupóga agus meachain dá n-ithe ag na ceadtá bachaig a líon an búthaig os na sráídeanna. Bí fear ina chómhnuidhe i Feara na h-Abhann agus do tógadh sé na scioláín as an dtalamh mar thóadh sé broch agus ditheadh sé iad gan iad a níghe ná uile.Do mair sé tríd an gorta agus an galar go léír a bhí ag marbhúghadh na gcéadta daoine ar feadh bliadhain. Cuir stoirm mór gaoithe long(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire De Faoit
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Garrán na Fola, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Clubháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Garrán na Fola, Co. Chiarraí