Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 016
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí seisear buachaillí ag imirt cártaí oidhche Sathrann. Ana cearrbac dob ead beirt aca agus bhíodar páirtighthe. Tháinig beirt buachaillí an t-slíghe agus connacadar ag imirt iad. Dubhradar le na céile go raghaidís isteach ag imirt. Bhí fhios aca go mbeidís páirtighthe le na céile agus go mbeidís ar dá taobh an búird agus go bféadfaidís beith ag déanamh cómharthaí.
Tosnuigheadar ag imirt agus bhuadhar go h-ana mhaith. Ag imirt stocaí a bhíodar agus bhuadhar na stocaí go léir. Níor stadadar ag imirt go dtí go dtáinig an maidean agus dubhradar go caithfidís beith ag dul abhaile. Buachaill aimsire agus a máighistir dob ead beirt aca agus nuair a cuadar abhaile bhí bean an tíghe ar bhuile cúca. Dubhairt an buacaill aimsire léi gur bhuadhar mórán stocaí aréir agus nuair a beadh sí ag dul go dtí an t-Aifreann dul isteach go bhean an t-siopa agus go mbheadh na stocaí ullamh i na cóir.
Bhí athas uirthe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Síothcáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Síothcáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí