Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 089
- XML “Fir Láidre”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fir láidrePádraig ó Ríoghbhardáin, Pats Thaidhg mar thugtar air, , beannacht dílis Dé le’n a anam, an fear ba láidre bhí i nGleannbeithe ná ins an seacht bparóistí i ngárr dó. Feirmeóir beag a chómhnuig san mBóthar Buidhe, féar bó d’feirm aige, (mar bhí triúr dearbhráthiar curtha fútha i bhfeirm a n-athar). Chaitheadh Pats bocht cómh maith le cách dul le “Spailpíneacht” go Tráighlí, Oileán Ciarraighe, agus áiteanna eile nách íad cun a muirigheann a cothú nuair bhíodar óg. De shiúbhal chos a théighidís agus is minic a thángadar abhaile airís an lá céadhna gan h-éireáil. Bhíodh a dturas i n-aistir ortha.
Lá dár chuaidh Pats agus cuid eile aca go dtí an Oileán (Oileán Ciarraighe) ní raibh aon éileamh ortha agus chaitheadar filleadh abhaile airís tráthnóna. Tá an t-oileán fiche is sé míle slíghe ó Gleannbeithe agus ceithre míle deug ó Cíllorglan.
Ar filleadh abhaile dhóibh thángadar tré Cíllorglan, agus ag gabháilt tré Páirc an Aonaigh dóibh cé bheadh rómpa ach scata fear agus íad ag árdú meadhchain. Bloc iarainn bhí acha. Do sheas an “Spailpíní” ag feachaint ortha. Bhain fir Cille-orglan thriall an duine as, ach ní raibh sé i gcumas aon duine aca an bloc árdú ach aoinne amháin-Seamus Mór Ó Mongáin a mhair i gCíll-orglan ina raibh tigh tábhairtne agus tig ósta aige - an fear ba láidre(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás ac Eoin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Foghludha
- Inscne
- Fireann