Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 041
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéulBhí seana-bhean ann fadó agus ní raibh aon scannradh ar an dtalamh ach an méid airgid a bhí aici, agus bhí sé go léir in n-ór bhreagh bhuidhe. Do mhair sí abhfad ach tháinig an bás ag triall uirthi sa deireadh. Do mhothuig sí ag teacht é agus má mhothuig om baiste go raibh an t-airgead ag deanamh mearathail an domhain di.
Ní raibh aoinne ‘n a theannta ach cailín agus nuair a fuair sí amach go gcaithfeadh sí géilleadh do’n bhás dúbhairt sí leis an gcailín an t-ór a leagadh ar an dteine go n-ólfadh sí é, bhí an oiread san de sainnt agus de dhúil aici ann.
Cad a dhein an cailín le méid a gliocais, ach cnapán íme d’fhághail agus é leaghadh ar an dteine i n-ionad an óir, agus é thabhairt di le n-ól.
Níorbh fhada ‘na dhiaidh sin go bhfuair sí bás, an t-ím is dócha a dhein an stalcadh ar fad di. Is í bhí go sásta ag dul cun báis mar cheap sí gur’b é an t-ór a bhí ólta aici. Níorbh eadh ámhthach, bhí sé ag an gcailín agus is aici-si a bhí an saoghal bréagh suairc as san amach.Eibhlín Ní Scothlaoic do sgríobh
Eibhlín Bean Uí Scothlaoic (60) d’aithris
Oide Sgoile,
Leitir,
Gleannbeithe.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Scothlaoich
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Scothlaoich
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí