Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 042
- XML “Leaba Diarmada”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leaba DiarmadaNuair a bhí Diarmuid agus Grania ag teicheadh ó Fhínn Mhic Chúmhaill do thaistealuigeadar mórán de talamh na h-Éireann. Do thángadar go dtí Gleannbeithe leis, agus d’fanadar ann ar feadh a bhfad.
Do bhí pluais acu ar gualainn “Corrach Cinn Adhmaid,” agus glaodhtar “Leaba Diarmada” ar an bpluais ó shoin. Is féidir an pluais d’feichsint ón bóthar puiblí ag dul go dtí Cathair Saidhbín. Deirtear go bhfuil sí ós cionn seacht dtroighthe ar aoirde, istig innti.
Creideann na sean-daoine go bhfuil próca ór i bhfolach istig sa phluais, agus spriod ag faire air acht ní leogfadh eagla dóibh baint leis an áit, ar eagla na spride. Deirtear go raibh fear ag baint raithníghe ag béal na pluaise fadó agus gur airigh sé fuaim istig innti mar a bheadh leanbh ag gol, agus do bhain sé des na rúitíní é go raibh sé sa bhaile.Pádraig De Búrca a sgríobh
Pádraig Ua Ríoghbhardáin (40) d’aithris- Bailitheoir
- Padraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Ríoghbhardáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40