Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 037
  3. XML “Donnchadh Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Donnchadh Ruadh
    Oidhche Bealtaine fadó, do bhí fear darab ainm Donnchadh Ruadh ag gabháil thar lios, agus d’airig sé ceol áluinn istig. D’fhéach sé ina thímcheall, agus do bhí poll sa lios taobh leis. Isteach leis, agus do bhí n sídheoga ag rinnce istig, agus gach saghas bídh ar bórd achu. Thugadar go dtí an bórd é, agus dúbhradar leis a dhóthín d’ithe.
    Nuair a bhí a dhóithin ithte agus ólta aige, bhí sé ag féachaint ortha ag rinnce, go dtí gur cheap sé go raibh cúpla úir de’n chloig imthighthe. Amach leis as an lios annsan acht bhí sóinseál ar gach áit. Cuaidh sé ar aghaidh acht níor aithnig sé a thig féin. Bhuail fear óg leis ar an mbóthar, agus d’iarr sé air cérbh é a athair. Dúbhairt an fear óg leis go raibh a athair marbh le cúig bliadhna déag, agus gur Donnchadh Ruadh an ainm a bhí air.
    “Mise Donnchadh Ruadh,” arsan an fear eile, “agus cheapas ná raibh acht cúpla uir de’n clog imthighthe ó’n ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Gráda
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cúil na hAragaile Uachtarach, Co. Chiarraí