Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 026
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana-Sgéul Do bhí bean ann fadó. Ana-bhean piseóg ab’ead í. Maidean ana mhoch, díreach agus an lá ag ghealadh do bhí an sagart ag dul abhaile, tar-éis an Ola a chur ar duine éigin a bhí ag dul cun báis. Do bhuail an bhean so leis ag crosaire ceithre rian. Ní fheaca sí i n-ao’ chor é. Fear óg dob’ eadh an sagart agus bhí sé an-cheanamhail ar chlis. Do bhí an bean ag déanamh chnocháinín de cré ar úmpó gach bóthair achu. Nuair a bhíodh an cnocáinín déanta aici deireadh sí. “Sin é mo chuid-se,” leig sí di féinig nó go raibh an ceann deirineach nách mór críochnaighthe aici, agus annsan tháinig sé laistiar dí, agus dubhairt sé “Sin é mo chuid-se.” Do bhain sé geit aisti. D’umpaigh sí tímcheall le feirg, agus dúbhairt sí leis. “Bhíodh sé agat, mar sin,” agus d’imthigh sí uirthi treasna an claídhe, agus trí sna guirt. D’fhan sé ag féachaint uirthi go g-ionghantach nó gur imthigh sí as a radharc. Cheap sé gurab amhlaidh a bhí sí as meabhair, agus bheith ag déanamh ruda mar sin chómh-mhoch san ar maidin.
Do bhí aon bhó amháin aige, agus do dheineadh an cailín aimsire bhí aige cuigean uair sa t-seachmhain fúithi. Nuair a dhein sí an cuigean an t-seachtmhain tar-éis na mná a bhualadh leis an sagart, ní choiméadfadh an seómra an méid ime bhí aici. Do bhí ionghadh uirthi cad as go dtáinig an t-ím. Do rith sí isteach go dtí an sagart, agus dubhairt sí leis é. Do chuimhnigh seisean ar an mnaoí bhuail leis, ach ní dubhairt sé aon ní na thaobh. Dúbhairt sé leis an gcailín an méid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Curnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Curnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Caol Dubh Uachtarach, Co. Chiarraí