Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 025
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalDo bhí fear darab ainm Seán Ua Conchubhair ina cómhnuidhe dhá mhíle ar an dtaobh thiar de sráid bhaile Gleannbeithe agus ar thaobh do láimhe dheise de’n bhóthar ag dul go Cathair Saidhbhín. Fear bacach do b’eadh é, sé sin ní raibh úsáid na gcosa aige. Oidhche amháin agus é ina codhlad do bhí sé ag taidhreamh agus cheap sé go ndúbhairt guth leis a cosa do nigh i dtobar Uí Croim i lár na h-oidhche, agus go mbeadh sé go maith airís.
Do bhí an taidhreamh céadna aige trí oidhche indiaidh a chéile, agus dúbhairt annsan go mbainfeadh sé triall as an sheift. I lár an ceathramhadh oidhche d’eirig sé gan mhoill nuair a bhuail an chlog a h-aon-déag, agus níor stad sé go raibh sé ar bhárr Corrach Cinn Adh-maid. Do bhí an tobar ann, agus do nígh sé a chosa innti, agus d’imthig an bachachas. Do bhí iongadh a’ gcroidhe ar a cómhursan nuair a cualadar conus a leigheiseadh é.Pádraig De Búrca, a sgríobh
Micheál Ua Siochfradha (60) d’aithris
Cúl-na-h-Airighíl
Gleannbeithe.- Bailitheoir
- Pádruig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheáll Ua Siochfradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cúil na hAragaile Uachtarach, Co. Chiarraí