School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 025
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Do bhí fear darab ainm Seán Ua Conchubhair ina cómhnuidhe dhá mhíle ar an dtaobh thiar de sráid bhaile Gleannbeithe agus ar thaobh do láimhe dheise de’n bhóthar ag dul go Cathair Saidhbhín. Fear bacach do b’eadh é, sé sin ní raibh úsáid na gcosa aige. Oidhche amháin agus é ina codhlad do bhí sé ag taidhreamh agus cheap sé go ndúbhairt guth leis a cosa do nigh i dtobar Uí Croim i lár na h-oidhche, agus go mbeadh sé go maith airís.
    Do bhí an taidhreamh céadna aige trí oidhche indiaidh a chéile, agus dúbhairt annsan go mbainfeadh sé triall as an sheift. I lár an ceathramhadh oidhche d’eirig sé gan mhoill nuair a bhuail an chlog a h-aon-déag, agus níor stad sé go raibh sé ar bhárr Corrach Cinn Adh-maid. Do bhí an tobar ann, agus do nígh sé a chosa innti, agus d’imthig an bachachas. Do bhí iongadh a’ gcroidhe ar a cómhursan nuair a cualadar conus a leigheiseadh é.
    Pádraig De Búrca, a sgríobh
    Micheál Ua Siochfradha (60) d’aithris
    Cúl-na-h-Airighíl
    Gleannbeithe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig de Búrca
    Gender
    Male
    Informant
    Mícheáll Ua Siochfradha
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Coolnaharragill Upper, Co. Kerry