School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 081
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgeulBhí beirt dearbhráthair ann uair, agus bhíodar ana-cosamhail le’n a céile. Pádraig agus Seán a b’ainm dóibh. Do dhein Pádraig rud éigin as an t-slíghe agus thugadh ós comhair na cúirte é chun é thriail. B’é an Rí an breitheamh a bhí ann. Dúbhairt an Rí leis, dá bhféadfadh sé trí ceisteanna a fhreagairt, go scaoilfeadh sé saor é. “Tá go maith,” arsa Pádraig “comán leat.” Do labhair an Rí, agus ar seisean. “Cad é an mhéadhean a tá san Gealach?” “An mó réalt san spéir?” agus “cad a raibh sé ag cuimhneamh anois air?” Ní raibh Pádraig ábalta ar na ceisteanna san d’freagairt agus nuair a cuaidh sé abhaile an oidhche, d’innis sé mar gheall ortha do Seán. Dúbhairt Seán go raghfhadh sé féin ambháireach cun na trí ceisteanna d’fhreagairt.
La’r na bháireach do cuaidh Seán i láthair an Rí ach mar sin féin níor thug sé fé ndeara gurb’ é a bhí aige. “Bel” arsa’n Rí, “an bhfuil na trí freagraí agat dom.” “Tá” arsa Seán. “Cad é an meadhean atá san Gealach,mar sin? arsa’n Rí, “Tá cead-meadhean” arsa Seán “ná bhfuil ceithre-ceathramha innti.” “An mó réalt sa spéir, mar sin” arsa’n Rí. “Tá fiche milliún “ arsa Seán. “Níl an ceart agat is dóigh liom” arsa’n Rí. “Imthigh amach mar sin” arsa Seán “agus cóireamh iad.” “Cad tá ag cuimhneach anois air?” arsa’n Rí go feargach. “Tá tú ag cuimhneamh anois agur Pádraig atá in ionad Seán.”(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gríobhtha
- Gender
- Male
- Informant
- Dómhnall de Róiste
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Letter West, Co. Kerry