School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 014
  3. XML “An Leipreachán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Leipreachán
    Do bhí bean ann fadó darab ainm “Síghle an Gaduidhe.” Fuair sí an ainm sin toisg go dtéigheadh sí amach ins d’oidhche ag goid. Oidhche amháin ana-dhéanach ag dul abhaile di cé bhfeachaidh sí acht an “Leipreachán.” Do bhí sé ‘na shuidhe fé crann mór daraighe, ag déanamh bróg, agus cóta agus bríste de leathar bog air.
    Nuair a chonnaic sí é d’aithin sí go maith é, agus chuimhnig sí ar na bprócha óir bhíodh aige. D’ealuigh sí taobh thiar de agus rug sí greim daingean air, agus dúbhairt sí ós árd, “Amach le d’próca óir.” “Tabhair abhaile mé agus cuir sa comharainn mé agus tabhairfaidh mé duit é,” ar seisean léi. Rug sí léi abhaile é, agus chuir sí fé ghlas sa cómharainn é.
    I gceann tamaill tháinig sí airís cun an prócha d’fághail acht do bhí an leipreachán imthighthe agus píosa páipéir ina ionad agus na focail seo sgríbhte air:-
    “Is mairg ná feachann roimis.”
    Pádraig De Búrca, do sgríobh
    Micheál Ua Siochfradha (60) d’aithris
    Cúl na hAirigíl
    Gleannbeithe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. leprechauns (~1,007)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig de Búrca
    Gender
    Male
    Informant
    Mícheall Ua Siochfradha
    Gender
    Male
    Address
    Coolnaharragill Upper, Co. Kerry