School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Letter East, Co. Kerry
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 077
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalDo bhí fear bocht i gCathair-Saíd-bhín, is do bhí clann mór aige, is gan aon nídh le n-ithe acu. Lá amháin, do shochraigh an fear, dul ag lorg oibre go Tráighlí. Nuair a bhí ‘sé cómh-fada le Caisleán-na-Mainge, do bhúail feirmeóir leis.
Do bhí dhá thig ag an bhfeirmeóir ach ní raibh aoinne i cómhnaidhe ann, mar bhíodh na daoíne maithe ann istoídhche. Dhein an fear bocht agus an feirmeóir margadh le’n a chéile, agus dúbhairt an feirmeóir go dtúbharfhad sé fiche púnt dó, dá gcodluígheadh sé sa tig aon oídhche amháin.
D’aontuig an fear bocht leis láithreach agus ar tuitim na h-oídhche chuaidh sé go tig na daoíne maithe. Do chuir sé teine síos dó féin, agus nuair a dhoircigh sé, do las sé coinneall a bhí aige in a phóca. Do dhearg sé a phíopa, agus do bhí sé á chaitheamh in aice na teine.
Tímcheall le meúdhon-oídhche d’airigh sé coiscéim duine ag teacht go dtí an doras. D’osgail an doras láithreach agus ní fada a bhí, nuair a bhí an tig lán de dhaoíne beaga. Do thosnuígheadar ag rínnce dóibh féin, ach níor chuireadar isteach ar an bfear bocht,(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ua Gríbhthín
- Gender
- Male
- Informant
- Cáit Bean Uí Gríbhthín
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Letter East, Co. Kerry