School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 070

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 070

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 070
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seana-Sgéul
    Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Leath amadán a b’eadh é. Bhí sé ana-láidir ar fad, agus ní dheanfhadh sé puinn eile i go n-íosfadh sé oiread le cheathrar. Dá méid a bhaileochadh a mháthiar bheidh sé ithte ag Seán.
    Sheadh ní raibh aon ní ag an mnaoi bhoicht cun Seán a bheathú agus dubhairt sí léi féin go gcuirfheadh sí as a slighe i gcuma éigin í.
    Aon tráthnóna amháin dubhairt sí leis dul agus an asal a bhí sa ghleann ghleann a cheangal. Bhí drochsprid sa ghleann agus bhí fhios aici dá mbuailfheadh sí le Seán go mbeadh deireadh leis.
    Thóg sí leis an slabhradh agus cuaidh sé go dtí an ghleann, agus sé an cead ní a bhuail leis ná an sprid i bhfuirm mná. Bhí sí annsan agus í d’iarraidh é do mharbhú, ach chaith sé an slabhra tímcheall ar a mhuineál nó go dtáinig sé go dorus an bhotháin.
    Dubhairt sé le na mháthiar eiriú agus an doras d’osgailt. D’eirig sí go leisciúil agus d’osgail, agus nuair a chonnaic sí cad a bhí aige do thuit sí i laige. D’arduig Seán síos teine agus chuir sé an sprid 'na lár istig nó go dhóghadh go maith í. Seadh tháinig an mháthair cuichi féin, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Scothlaoich
    Gender
    Female
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Scothlaoich
    Gender
    Female
    Age
    40
    Address
    Letter East, Co. Kerry