Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Letter East, Co. Kerry
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Ceist na Talún agus Loiteadh na dTithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ceist na Talmhan agus loiteadh na dTighthe
    Sé Uinn an Tighearna Talmhan a bhí i nGleannbeithe, agus chuir sé dúbailt cíosa ar na tineóntaithe, agus toisg na daoine bheith bocht – ní raibh sé i gcumas a lán ac(h)u na cíosanna do dhíol. Mar gheall ar sin tháinig an Generál Bullar go Stad an t-Sléibhe, agus póilíní agus báillí in aoinfheacht leis agus cuireadar muinntear Duigbhín as seilbh, agus dhóghadar an tig.
    Chuadar go Baile-na-Cille leis go dtí tig Míchíl Uí Gríbhthín cun é do cur as seilbh, acht do bhailig tímcheall le fiche daoine óga isteach sa tig, agus níor tugadar seilbh dos na báillí. Sa deireadh do bhris na báillí an doras le saghas úirlisí bhíodh achu, agus do dhoghadar an tig. Dheineadar priosúnaig des na buachaillí, agus chuireadh sé triall cúirte i dTáighlí iad agus do ghearradh sé mí príosún ar gach duine díobh, acht nuair a tángadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Gráda
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coolnaharragill Upper, Co. Kerry