School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 004
  3. XML “Caisleán Uinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Caisleán Uinn
    Caisleán é seo atá suidhte tímcheall ceathrú míle ó sráid-bhaile Gleannbeithe, ar thaobh do láimhe clé, ar an mbóthar go Chathair-Saidhbhín. Níl ach na fothracha ag seasamh anios. Tíghearna talmhan darab ainm “Wynn” a chuir an caisleán ar bun. Síol na Normánach a bhí in Éirinn do b’eadh é.
    Chuir sé roimis caisleán a thógaint mar na Caisleáin Normánacha a chuireadh ar bun ar fuaid na h-Éireann, chun dún cosanta a bheith chómh-maith le áit cómhnuighthe. Ar phlean na sean-caisleán a thógadh é, fallaí dúbalta ar an dtaobh istig, agus staighrí déanta de chlochaibh, fuinneóga beaga, dóirse láidre, chlós mór-timcheall, agus falla árd tímcheall ar sin airís, agus puill annso agus annsúd i gcóir na nGunnaí Móra do choiméad ann, i gconnibh ionnsaighe na h-áite.
    Bhí díth airgid ar “Wynn,” agus do chuir sé dúbailt cíosa ar na tioneóntaidhthe ar fuaid na h-áite. Níor chomhnuigh sé riamh sa chaisleán, mar deirtear gur chuir sagart a mallacht air. Do thug bean “Wynn” masla dó, agus é ag léig a phortúis ar thráigh Rosabeithe. Dubhairt sé go mbeadh an braon anuas air go bráthach, agus go mbeadh sé ‘na bharaic ag saighiúirí Sasana, agus ‘na préachánadán.
    Do thuit na rudaí sin go léir amach díreach mar a dubhairt an sagart. Bhí an braon anuas air, agus deineann na préachán a neadacha ann anios. Do thagadh saighdiúirí Shasana ann gach blaidhain ag cabhrú leis na Dúbhchrónaigh i gcoinnibh na n-Óglach, agus bhíodar chun teacht ann i mí Iúil sa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tómas ac Eoin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Mícheál O Fóghludha
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Letter East, Co. Kerry