School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 003
  3. XML “Tráigh na mBan Marbh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus isteach sa bfairrige léi.
    Is annsan chuimhnigh seisean ar an mbrat. Léim sé anuas de'n lochta. Lean sé go dtí bruac mara í ach má lean bhí fuar aige; tásg ná tuairisg ní fuair se uirthi ná ó shoin i leith.
    Deirtear nár bhféidir do Mac Uí Shéaghdha ná d’aon dá gaoltaibh, dul i mbád ar an bhfairrge ‘na dhiaidh sin, ar eagla a mbáidte, agus lá amháin gur chuaidh triúr diobh amac ag iasgaireaacht, d’iompuigeadh an bád ortha, bhádhadh beirt aca, tháinig an tríomhadh duine saor. Thug seisean na cosa go léir leis le cabhair maide-rámha.
    11.
    Lá eile tamall fada ‘na dhiaidh sin bhí fear eile do mhuinntir Shéaghdha ag bailúghadh feamanaig ar an dtráig timcheall na h-áite ceadna – capall is srathar-fhada aige, nuair a connaic sé ann tonn mhór éachtach ag eirige amuigh. Tháinig eagla air, léim sé ar a chapall agus as go bráth leis. Lean an tonn é isteac fe’n dtráig is fén dtír gur sgiob sí an leath deirig de’n gcapall. B’é leonúghadh Dé gur tháinig sé féin saor. Ó’n lá san go lá a bháis nior chuaidh sé cois trágha.
    Tomás ‘ac Eoin, a scríg.
    Micheál Ó Muircearthaig d’aithris (75 bliadhna) (ná maireann)
    An Trian-gharbh
    Gleannbeithe
    Chiarraí
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Letter East, Co. Kerry
    Collector
    Tomás 'ac Eoin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Mícheál O Muirceartaig
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Treangarriv, Co. Kerry