School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 073
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Oidhche amháin cuaidh beirt fhear amach ag goid. Ghoideadar mála úbhla agus chuadar isteach sa roilig cun iad do roinnt. Le linn dóibh bheith ag dul isteach, do thuit úbhall as an mhála agus dúbhradar go bhfaighidís an t-úbhall sin ag teacht amach. Do thosnuigheadar ag roinnt na n-úbhall istig sa roilig agus seo mar a deireadar é. “Is liom-sa é seo.” “Is leat-sa é seo.” “Is liom-sa é seo,” agus do leanadar mar sin ar feadh i bhfad. Do bhí fear ag gabháil thar brághaid, agus do chualadar sé iad agus cheap sé gur Dia agus an Diabhal a bhí ag roinnt anamnacha na marbh.
    Do bhí go maith is ní raibh go h-olc go dtí go raibh na h-úbhla roinnte achu, do chuir fear acu glam as “agus cad mar gheall ar an ceann ag an ngeata.” Do cheap an fear gur é féin a bhí in gceist agus do rith sé abhaile chómh mear i nÉirinn is bhí sé na gcosaibh aige, agus bhaineadh geit chómh-mór as nár fheachaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig de Búrca
    Gender
    Male
    Informant
    Mícheall Ua Siocfradha
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Mountain Stage, Co. Kerry