Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 088
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalDo bhí fear ann fadó is do bhí triúr mac aige. Nuair d’éirig sé aosta, do thuit sé breóidhte, agus do ghlaoidh sé ar a thriúr mac. Dúbhairt sé go bhfághadh sé a thig agus a fheirm den chlann acu a dhéanfadh an gníomh ba leisgeamhaileach.
Chuadar leó féin agus i gcionn cúpal lá, tháing an mac ba shine do bhí ortha is dúbhairt sé gur chaith sé dá lá istig i seana-tig go raibh an bhraon anuas ag tuitim isteach in a bhéal agus go raibh sé ró-leisceamhail cun a bhéal a dúnadh.
I gcionn tamaill tháinig an tarna mac is dúbhairt sé gur chaith sé lá sínte ar an mbóthar agus na trucaill ag imtheacht taris agus na rothaídhe ag gluaiseacht ar a chosa, agus go raibh sé ró-leisceamhail dul as an slíghe ortha.
I gcionn tamaill tháinig an tríomhadh mhac is dúbhairt sé go raibh sé ag siúbhal lá, agus go raibh caipín ana-dhaor air, do thuit an caipín ar an dtalamh, agus do bhí sé ró-leisceamhail un cromtha síos agus é do thógaint.
Dúbhairt an t-athair annsan, go raibh an fheirm tuillte ag an mac ba shine, agus thug sé dó é.Micheál Ua Gríbhthín, d’innis
Cáit Bean Uí Gríbhthín (50) d’aithris
Leitir
Gleannbeithe.- Bailitheoir
- Mícheál Ua Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Gríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí