Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 040
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Connach sé caisleán mór i mBaile-Átha-Cliath, agus bhí na fuinneóga go léir briste ann. Gabh sé suas go dtí an caisleán, agus tháinig duine-uasal mór amach chuige. “Tar in-aoinfheacht liom-sa, agus tabharfadh lóisdín na h-oidhche duit” arsan duine-uasal leis. “Ní raghfhadh in-aoinfheacht leat in-aon cor, ach codhalóchadh sa caisleán.” “Ní féidir le h-aoinne dul a chodhladh sa caisleán seo, “ arsan duine-uasal “mar aoinne a fhanfaidh ar feadh oidhche bheadh sé marbh ar maidin.” “Má tabharfhadh céud púnt dómhsa, fanfhadh ann ar feadh oidhche, agus geallaim-se dhuit ná bead-sa marbh ar maidin,” arsan buachaill. “Tá go maith” arsan dhuine-uasal. D’imthigh an buachaill isteach, agus do shuidh sé in-aice na teine, agus tímcheall meadon-oidhche, tháinig fear in áirde ar bárr an simné. “Tuitfheadh anuas ort,” ar seisean. “Má thuitfeadh” arsan buachaill “tá do dhóthain slán agat, ach ní thuiteann tú oramsa.” Tháinig sé anuas agus do chaitheadar an oidhche ag troid le na chéile. Dúbhairt an fear tháinig anuas do’n simné, gurb’ é an buachaill is feárr a chonnach riamh, thug sé trí próca óir dó, agus ní fheachaidh sé a thuille é.
D’imthigh an buachaill a codhladh mar bhí tuirse air. Nuair a d’eirigh sé ar maidin connach sé an duine-uasal ag teacht agus cómhra aige. “Cá bfuil tú ag dul leis an cómhra,” arsan buachaill. “Cheapas go rabhais marbh,” arsan duine-uasal. Thug an duine-uasal mórán airgead dó. D’imthigh an buachaill abhaile, agus do chaith sé an cuid eile dá shaoghal fé shéan agus fé shonas, in aoinfheacht le na athair agus le na mháthair.Caitlín Ní Coisdealbha, do scríobh
Caitlín Bean Uí Choisdealbha d’aithris
Coill-Coidhtheach,
Gleannbeithe,- Bailitheoir
- Caithlín Ní Choisdealbha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Uí Choisdealbha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Choimhtheach, Co. Chiarraí