School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 039
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-SgéulBhí feirmeóir ann uair amháin, agus bhí triúr mach aige. Deineadh an dhá mach críona obhair maith dó, ach ní dheineadh an mach óg aon rud, ach ag ól is ag imirt, is ag siúbhal oidhche. Bhí croidhe scólta ag a athair é bheith ag teacht i lár na h-oidhche ag á ngluaiseacht. Bhí fear críona draoidheachta san áit. Chuaidh an t-athair go dtí an fear draoidheachta agus d’innis sé an sgéul dó agus dúbhairt sé go mbfeárr leis ná rúd maith é bheith marbh. Dubhairt an fear draoidheachta leis, go raibh Sproid san áit, agus aoinne a raghadh in-aiche léi maireóchaidh sí iad. D’iarraidh an t-athair do’n mhac óg dul go dtí an áit cun aidneán a thabhairt abhaile, ná raibh sé féin ábalta ar dul, go raibh a chos tinn. Thug sé téad agus corán dó, agus d’imthigh sé. Chuir sé a lámh go dtí an aidneán cun é strachadh, tháinig an sproid, agus beir sé air, agus bhí troid eathortha ar feadh tamaill. Annsan do rug an buachaill uirthi, agus do leag sé isteach sa téad í, agus thug sé abhaile go dtí a thig féin cun a athair í. Nuair a chonnach a athair ag teacht é, agus sgannradh ar a croidhe, dúbhairt sé gurbh é an mach is feárr aige sa saoghail. “Tabharfadh an feirm go léir duith má fhanfhair liom” arsan t-athair. “Ní fhanfadh” arsan buachaill. D’imthigh sé air ar maidin, agus níor stad sé gur srois Baile-Átha-Cliath.(continues on next page)
- Collector
- Caithlín Ní Choisdealbha
- Gender
- Female
- Informant
- Caitlín Bean Uí Choisdealbha
- Gender
- Female
- Address
- Cill Choimhtheach, Co. Chiarraí