Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 090

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 090

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 090
  3. XML “Fir Láidre”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí ar a chine – d’árduigh sé sin é beagáinín slíghe ós cionn talmhan ach ní mórán é. Thriail duine eile is duine eile é, ach feac ná corruíghe ní fhéadfadaís a bhaint as.
    Bhí an suae ag Seamus Mór Ó Mongáin agus íad ag scaipeadh ó’n a chéile nuair a labhair duine de’s na “Spailpíní” le Pats.
    Fear teann téagartha ina dhailc maith beadh Pats gan é bheith ró-árd – bhí sé cómh leathain is bhí sé árd beagnach – agus bhí fhios ag an cómharsa cad é an neart a bhí ann. Labhair sé le Peats. “Bain thriail as san,” ar seisean, “A Pheats.” D’fheuch muinntir Cíllorglan tímcheall ortha. Chonnacadar Peats ina sheasamh, a ramhan ar a ghualainn aige agus a bheirtín ceangailte uirthi, agus nuair a chonnacadar é sé rud a dheineadar ná cromadh ar gháiridhe. Níor chuir Peats aon t-suim ionnta. “Díchéille duit féin,” ar seisean leis an fear a labhair. “A dhein, a Peats,” arsa duine eile, agus duine eile, agus duine eile, agus de bhárr an tathaint ar faid sa deireadh ghéill sé. Chaith sé a ramhan ar an dtalamh, bhain sé dhe a chóta agus chaith ar an dtalamh. Rug sé greim ar an mbloc iarainn – greim docht daingeann agus d’árduigh sé go maith do thalamh é gan puínn duaidh ba dóigh leat d’osgail a suile ar an méid a bhí láithreach le h-ionghnadh. Geallaim-se dhuit ná raibh aon fhonn magaidh ortha anios.
    Tháing ionghna níos mó ar Séamus Mór ná ar aoinne acha. Chaith sé dhe a chóta, beir greim ar an mbloc, d’árduigh sé beagáinín níos aoirde de’n talamh é ná dhein sé an céad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás ac Eoin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Foghludha
    Inscne
    Fireann