School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Letter East, Co. Kerry
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 089

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 089

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 089
  3. XML “Fir Láidre”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fir láidre
    Pádraig ó Ríoghbhardáin, Pats Thaidhg mar thugtar air, , beannacht dílis Dé le’n a anam, an fear ba láidre bhí i nGleannbeithe ná ins an seacht bparóistí i ngárr dó. Feirmeóir beag a chómhnuig san mBóthar Buidhe, féar bó d’feirm aige, (mar bhí triúr dearbhráthiar curtha fútha i bhfeirm a n-athar). Chaitheadh Pats bocht cómh maith le cách dul le “Spailpíneacht” go Tráighlí, Oileán Ciarraighe, agus áiteanna eile nách íad cun a muirigheann a cothú nuair bhíodar óg. De shiúbhal chos a théighidís agus is minic a thángadar abhaile airís an lá céadhna gan h-éireáil. Bhíodh a dturas i n-aistir ortha.
    Lá dár chuaidh Pats agus cuid eile aca go dtí an Oileán (Oileán Ciarraighe) ní raibh aon éileamh ortha agus chaitheadar filleadh abhaile airís tráthnóna. Tá an t-oileán fiche is sé míle slíghe ó Gleannbeithe agus ceithre míle deug ó Cíllorglan.
    Ar filleadh abhaile dhóibh thángadar tré Cíllorglan, agus ag gabháilt tré Páirc an Aonaigh dóibh cé bheadh rómpa ach scata fear agus íad ag árdú meadhchain. Bloc iarainn bhí acha. Do sheas an “Spailpíní” ag feachaint ortha. Bhain fir Cille-orglan thriall an duine as, ach ní raibh sé i gcumas aon duine aca an bloc árdú ach aoinne amháin-Seamus Mór Ó Mongáin a mhair i gCíll-orglan ina raibh tigh tábhairtne agus tig ósta aige - an fear ba láidre
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás ac Eoin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Mícheál Ó Foghludha
    Gender
    Male