Scoil: Leithead

Suíomh:
An Leithead, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 079
  3. XML “Scéal i dtaobh Prionsa agus Síofra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí príonnsa ag fiadhach úair amhain. Bhí sé ag dul treasna na gncocaibh agus thánaig sé go dorus a bhí ar thaobh an gcnoc. Bhí ionghnadh air mar gac lá do théigheadh sé féin chómh fada súas leis an áit a bhí sé anois agus ní fheaca sé aon dorus ríamh roimhe sin.
    Bhúail sé trí cnagair ar an dorus agus tháinig síofra amach. Bhí scúab in a laimh aici agus h-ata mór árd. D'fhíafruig sí don príónnsa cad é an gnó a bhí aige inaice a tíghe. D'fhíafruig seisean uairthe cad é an gnóa bhí aici in a thír féin. Dúbhairt sise leis dá dtagadhsé isteach go dtaisbeánfadh sí an gnó a thug ann í.
    Chúaidh an Príónnsa isteach. Do thóg an síofra é isteach i seomra dubh agus thaisbeán sí "scalps" dáóine ag crothadh ar an bhfalla dhó. Dúbhairt sí leis go dtainig sí 'n thig a bhí ar an taobh eile don chnoc, agus go dtáinig a lán fir i na treó agus go dtúbhair sí obair le deunamh do gac aoinne acu act gur theip ortha go léir é do dheanamh. Dúbhairt sí go dtubharfadh sí obair le déanamh do féin leis agus dá dteipeadh air é do dhéanamh go mbeadh a scailp i measc íad leis. An obair a thug sí leis abéad go mbeadh an t-úrlar scúbhtha aige núair a eireóchadh sí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Ní Ghealbháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séan Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann