Scoil: Leithead

Suíomh:
An Leithead, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 078

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 078

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 078
  3. XML “Scéal i dtaobh Tobar Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    AOINNE an t-uisce ann dá mbéadh sé lá san teinne. Ní raibh fhios ag bean Úi Sheaghdha cad a cuir an tobair air dtúais ann, act b'fheidir gur séipéil a bhí ann mar TÁ CLOCANNA ann. Tá cnocán cloiche taobh istig don casán.
    An blíadhan so dimthig cloic as an áit a raibh sé riamh ag bhí mórán, piosaí (?) de plátaí briste fé. Aon úair bhí fear ag deanamh díghe do glanadh taobh thíos don tobair. Do bhí sé cun dighe a dhéanamh súás go dtí an tobair act ní thúisge go raibh slúásad den cré anúas aige gur thuit sé síos agus bhí sé marbh núair a fúaradh é bhí sé marbh. Tá an rían ar an áit fós ins an áit a in a dhunadar súas an díghe. Toibhrín Domhnaig an ainm atá ar an tobair san.
    Tá tobair eile san páirc taobh thíos don Toibrín Domhnach ag an ainm atá ar aná Tobair Muire (Our Lady's Well). Do dheinfeadh duine "Round" annsan dá mbeadh sé i dtroblóid. An Coróin Mhuire deineann síád ag an dtobar san agus decéid do onóir an Maighaidne Muire. Tá an tobair ana beag agus tá trí cairreagra mór thímcheall air.
    Bean Úi Sheaghdha d'innis dom é sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Ní Ghealbhain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Sheaghdha
    Inscne
    Baineann