Scoil: Leithead

Suíomh:
An Leithead, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “Scéal Mo Sheanathar ag Teacht ó Neidín”
  4. XML “Scéal Mo Sheanmháthar agus M'Athar ag Dul go dtí Aonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus annsan thosnuigh sé ag siubhal abhaile. Nuair a bhí sé timpeall trí mhíle síos an bóthair chúala sé an rasc agus chonnaic sé beirt fhear ag troid, agus bhíodar ag d'iarraidh fear eile do mharbhadh. Thánaigh eagla mór ar mo shean-athair ar dtúis acht dubhairt sé leis féin ná féadfadh séad aon rud déanamh núair ná déanfadh sé aon rud dóibh. Núair a bhí sé ag dul thápsca fúair an bheirt fhear greim ar an bhfear eile agus marbh síad é. Annsan shín síad é amach i lár an bhóthair agus d'imigheadar as a radharc annsan. Cuaidh mo shean-áthar abhaile agus agus d'innis sé an sgéal, agus d'iarr sé do gach duine (aonna) an raibh aonna marbh, acht ní raibh. Annsan fúair sé bás seachtann na dhiaidh sin. Mo athair d'innis an sgéal sin dom.
    Sighle Ní Ealuighthe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal mó sheanmhathar agus mo athar ag dul do dtí Aonach.
    Aon lá amhain go h-ama mhoch bhí mo sheanmhathair agus mo athar ag dul go dtí aonach abhí i Neidín. Núair bhíodar píosa soir an bóthair cúaladar raic móir. Ar dtúis cheapadar gur long abeadh é ag dul go dtí an aonach le muca agus caoire. Tar éis tamaill chonnacadar an trucaill ag teacht fé na ndéin agus solas mór ag lascadh air. Núair a bhí sé ag teacht ortha thuit sé síos i bpoll mór a bhí ar thaobh an bhóthair ann. Ceap mo athair agus iad san abhí leis gur fear agus trucaill a cuaidh síos ann agus cuarduigheadar ar thaobh an bóthar agus taobh istigh d'en claidhe acht ní raobh aon nídh ann. D'iarr mo athair ar gach aoinne acht mór connacadar aon rud.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Ealuighthe
    Inscne
    Baineann