Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 751
- XML “Áitainmneacha Páirceanna, Cnocáin agus Carraigeacha atá i bhFeirm M'Athar i dTír Uachtarach”
- XML “Paidir le Rá le linn Dul a Chodladh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar bhí sí i bpaírc fear gur a b'ainm do Airt Ó Laoghaire; sin é an chúis gur glaodach "Carraig Airt" uirthi.
Carraig a ChinnTá an carraig sin ar bárr na chnoic; sin é an cúis gur glaodhach an ainm uirthi.Fuaireas iad seo ó'm athair atá 64 bl d'aois. - A Iosa, a Iosa, a Mhic agus a Uain,
Am luighe nó am shuidhe dhom nó am leabaidh chun suain
Dein coinnleacht am thímpeall gach maidin is uain
Ceithre cúinne ar mó leabaidh
Ceithre aingeal ar mo láimh dheas
Gabhaim DIa mar athair, agus Muire mar Máthair
Flathis Dé mar dhualgas, agus diultuíghimh den Aibhrseóir
Cuirim Cuimhne Dé ó's cionn mo chuimhne féin
Ó a Mhuire agus a Mhaighdean ró-ghlórmhar
Tabhair dom radharc ar do mhór-chómhachta
Solas na Soillse agus radharc na Tríonóide
Agus grásta na foighne in agaidh na h-eagchóra