Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 719
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhiodh figheadóíreach ar siubhal san Cé fadó. Bhídis ag obair annsan mar a bhfuil tig Éamon Mhic Gearailt anois ach tar éis tamaill do stadadh de. Ní bhíonn síád ag figeadóíreacht anois. Fadó bíódh na fir ag denamh birdeóga le tuigí, chun spilléírí do chur ionta. Bhíí ag déanam úghamacha chun a gcur ar na h-asail chun móna do tabhairt abhaile agus chun feamhnach do tharrac ó'n dtráíg. Bhí fear na chómhnuidhe san Ché gur b'ainm do Éamon Mac Gearailt agus bhí sé ana mhaith chun na birdeóa do dheanamh. Dhíóladh sé na birdeóa annsan. Bhí fear eile san dTír gur b'ainm do Eamon Ó Fínn. Biodh sé sin ag deanamh birdeóga leis agus bíodh sé á ndíol. Sé an fear is feárr chun iad a dhéanamh anois san paróiste seo na Tomás Ó Fínn.
Seana LampaíNí bíódh aon lampaí íle aca fadó. Do deinidhís coinnlé le geir agus múnla. Do leighidí an geir agus chuiridís isteach san múnla í. Annsan chuiridís píosa córda isteach san gheir agus nuair a fuaradh an gheir, do chruadhadh sí agus bhíodh coinnle déanta dí. Do bhíodh saghas lampaí déanta do geitrí aca leis. Do chuiridís úsc na ngeitirí isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamon Ó Déada
- Inscne
- Fireann