Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 716

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 716

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 716
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí seana cheardtain i dTaobh a Chnuic fadó san áit go bfuil gharraidhe le Dómhnaill Ó Lóingsig anois. Tá na fallaí na seasamh fós ach tá an ceann imthighthe dhe. Bhí ceann eile i Mhurrigrán i ngarraidhe le Máirthín ó Dhúbhda. Bhí Seana Ceardhthain eile i mBranndán san Áit go nglaodhtar an 'leacht' air. Ní bhíodh na gaibhne ag déanamh aon ní ach ag cur cruidhte fé chapaill mar ní raib aon chéachtaí ná geataí na aon rud eile. Ar siubhal an uair sin. Bhí Seana cheardthain eile i Liosnacáolbhuide agus ceardthain ana mhór dob eadh í. Bhíodh ana-glaodach aige mar gabha ana mhaith dob eadh é chun rudaí do déanamh. Bhí sé níos féarr ná na gaibhne atá ann anois. Bhíodh tailiúrí i mBaile Uí Dhuibhne fadó agus bídís ag dul ó áit go h-áit ag déanamh culaithí eadaig agus rudaí eile, chun airgidh do déanamh. Lóinghsig do eadh iad. Bhíod figeadóir i dtaobh a Chnuic fadó san áit go bhfuil tíg Dhomhnaill Uí Lóinghsig anois. Mach do Phatso (Níoclóis) d'Mórdha dob eadh é. Bhí sé ana mhaith cun pliancéadaí do dhéanamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann