Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bhfuil ciste óir i bhfolach idir Tír agis Líos, agus go bhfuil cat driochta ag tabhairt aire dhó. Tá sé istig a liosachán beag atá ar nós tíghe. Ní raibh fhíos ag aoine go raibh an ciste óir i bhfolach ann, ach ag aon fhear amhain. Bhí sé cúpla míle ón áit 'na raibh an t-ór, agus bhí eagla air dul ann gan fear eile bheith leis. Ach dúbhairt sé leis féin go mbeadh an fear eile d'iarraidh leath don ór a fhagáilt uaidh. Ní dúbhairt sé aon rud ach aon mhaidean amháin chaidh sé suas go dtí an áit 'na raibh an ciste, agus chuala sé céól is gleó istig sa líos. Bhí sé ag éisteacht ar feadh tamhaill agus tháinig bean mhór amach, is d'fiafraidh sé dhe "cad atá bhí uaidh" D'Fhreagair sé "tabhair dom an cisthe éir atá agat istig sa liosachán so". Do chuaidh sé isteach agus sciob sé an t-ór i na pócha agus do imig sé. Ní raibh sé ró fhada ón líos Nuair do chuala sé í ag teacht, do chaith sé an t-ór isteach fé chloich ach do rug sé air, do labhair sí leis is dúbhairt "má thagann tú suas annsan go deó arís marbhocaidh é thú". Chuaidh sé abhaile ag rith agus scannradh na chroidhe agus níor chuaidh sé suas do dtí an aith aith sin go deo arís. Deirtear go bhfuil an t-ór ann o shoín.
- Bailitheoir
- Mairgeadh Nic Fhínn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eamhon O Seadhghe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50