Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 602

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 602

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 602
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”
  4. XML “An Luchargán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear go bfuil ór san áit seo go glaodthar "Cam Cruinn" air sa chnoc idir lios, 's tír. Tá sé istig i gcorcán agus cat ag tabhairt aire dhó. Deirtear go raibh fear ag dul suas ann fadó agus nuair a thainig sé go dtí an áit gur chualaidh sé céal agus rínnce.
    Do thuit sé na chodhla agus nuair a dhúisig sé do bhí a aghaidh go leir scríobtha agus deirtear gurab é an cat a dhein é, mar níor mhair sé ró fhada na dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Leighin
    Inscne
    Baineann
  2. Bhí fear i Liosnacaolbhuidhe fadó. Chuaidh se amach maidin amháín go moch agus cad a chonnaic sé ach lotharagán ag dul isteach sa gcliadhe. Do rug sé air agus do thug sé leis abhaile é, mar do bhí fhios aige go maith go raibh "sparán na scillinge" aige.
    Nuair a thug sé abhaile é do cheangail sé é le téadán. Gach aon mhaidin nuair a eirigheadh na leanbhaí bhíodh an lotharagán ag gáiridhe fé bhean a' tighe mar ní chuireadh sé a gcuid eadaig ar na leanbhaí ach iad ag dul mór thimcheall agus gan ortha ach an léine-oidche.
    Nuair a chrochadh sí an corcán uisce ar an dteine bhíodh an tuisce ag fluichaid agus ní thógadh sí de'n teine é sin arís go ndeineadh sé scarta mór gáire. Mar sin do bhíodh sé gach lá, ach sa deire thiar thall, do bhí deire na foidhne caithte aici, leis, agus do leig sí amach an dorus é. Nuair a thainíg an fear abhaile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. leipreacháin (~1,007)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Leighin
    Inscne
    Baineann