Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 228

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 228
  3. XML “Tobar Naomh Eoin Baiste”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ach do theip uirri í dhfághail. Chómh luath agus chuaidh Máire Ní Churráin go dtí an áit fuair sí an chloch chéadna, agus dhein sí an rud céadna agus a dhein sí an chéad uair. Do thárluig an rud céadna an triomhadh bliain. Deirtear gur mó duine a leighiseadh riamh ann.
    Deireann sean daoine go bhfuil iasc óir gan aon cheann air sa Tobar seo ar an Mináird, agus gur féidir é dh'fheiscint roimh breacadh an lae lá an Phatrúin (29adh lá de Lughnasa.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Tá cloch mhór i bpáirc Sheamuis Phrindibhil, ar an Eaglais, sa pharóisde seo.

    Tá cloch mhór i bpáirc Sheamuis Phrindibhil, ar an Eaglais, sa pharóisde seo. Deirtear gur cloch bheannuighthe í seo agus go dtugtaí turas sa pháirc fadó. Tá poll i lár na cloiche agus loigín uisce ann. Do tugtaí an turas chun súile tinne do leigheas. Ar dtúis téightí naoi n-uaire timcheall na roilige in aice na h-áite agus ansan naoi n-uaire timcheall na cloiche. Uair amháin do chuireadh an chloch ar chlaidhe ach bhí sí thar n-ais san áit chéadna ar maidin, agus níor bhain aoinne léithe riamh ó shoin.
    (Féach leathanach a 53---An Tobar Caoch.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    93
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gleann na Mine Airde, Co. Chiarraí