Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 239
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “<span class="exact">Pósadh</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhéal an mhúnlaig. Do leig sé an geir leighte isteach ann agus líon sé an múnla. D'fág sé sa mhúnla é go dtí gur dhóigh leis go raibh sé cruaidh a dhóithin cun í do thógaint amac. Do bhí solas na bliadhna aige annsan as a cuid geire.Máire Ní Ghríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Ghríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é. - Pósadh
Tímcheall trí fichid bliadhain ó shoin phós Seán Mac Gearailt ón nDainghean le cailín ón gCill. Inghean Uí Shúilleabháin a b'ainm di. Is ar an Satharn a phósadar. I dtig an cailín a bhí an pósadh aca. Do fuair gach aoinne a ndóithin le n'ól agus le n-ithe. Tig íseal a b'eadh é agus ceann tuighe air. Siar san oidhche do connacadar cúcha buachaillí tuighe. Bhí fiche duine aca ann. Cuaidh cuid des na daoine amac cun an teich a cur ortha acht bhíodar ró mhaith dóibh. Bhriseadar isteach agus do óladar a raibh san sathac. Nuair a bhíodar ar meisge thosnuigheadar ag caitheamh na mugaí ar na daoinibh. Do cuireadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí