Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 062
- XML “<span class="exact">Leigheasanna</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leigheasanna
(1). Dá mbéarfadh madra ar dhuine, agus an gubh a bheith air, ba cheart an madra do mharbhú agus a chroidhe do bheirbhiú agus é d-ithe is ní imtheóchaidh aon nídh ar an nduine.
(2) Dá raghadh snáthad ar dhuine ba cheart a barra do sháthadh sa tteine is ní imtheóchaidh aon nídh ar an nduine.
(3) Dá mbeadh cosa duine tinn ba cheart eidhneán do cuimilt dóibh is leigheasach sé iad.
(4) Dá mbeadh casachtach ar duine, clúimhín cait d'fághail (sa tráig) é, do sábháil go maith é, é do bheirbhiúgadh annsan agus cúpla spiúnóg di d'ól agus leigheasach sé go tapaidh é.
(5) Coimeán Meall do bheirbhiúghadh, agus é do chur ag tarrac annsan ar feadh tamaill agus an t-uisge d'ól leighiseadh sé casachtach.
(6) Geas (gas) d'ól dá mbeadh niascóidí (neascóidí) ort.
(7) Dá mbeadh aon tinneas cinn ar duine eidhneán do chur leis.
(8) Dá mbeadh craobhadhbhar ort fáinne óir nó aon rud óir do cuimilt do naoi maidneacha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eóghan Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí