Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhac Ríogh na h-Éireann a rabh na rudaí aige adubhairt sí leis. "Níl siad agam-sa" adubhairt mac an Ríogh "ach béidir go bhfuil siad ag mo bhuachaill aimsire". "Tá siad agam-sa" adubhairt an buachaill aimsire. "Gabh i leith annseo agam-sa agus tabhair dhom-sa iad". Chaith sé amach ar an urlár iad. "Ní bhéidh iallach ar m'athair an chloigeann a bhaint dhíot" adeir sí. Thug sí an mála siar sa seomra agus chuir sí i dtaisge iad. Faoi cheann sgathaimh na dhiaidh sin phós mac ríogh Éireann agus inghean an Ríogh. Bhí bainfheis ar feadh seachtmhaine aca. Nuair a bhí sí thart dubhairt an buachaill aimsire go rabh sé in am aige féin a bheith ag imtheacht anois. "Caithfe tú fanacht go níocfa mise tú a dhuine chóir" adubhairt mac Ríogh Éireann leis. "Ní fhanfad" adeir sé. "D'íoc tú cheana mé". "Níor thug mise aon phinghinn airgid dhuit ó tháinic tú go dtí mé" adubhairt mac an Ríogh. "An cuimhneach leat an lá ar íoc tú mo chuid fiaca ag doras an t-séipéil" adubhairt an buachaill aimsire. "Ó ní fhéadfa tú imtheacht". "Féadfa tú fanacht in éindigh linn an fhad agus a bhéas tú beó" adubhairt mac Ríogh Éireann leis an mbuachaill aimsire. D'fhan sé leó ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghaora
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Ghaora
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60