School: An Gort Mór (roll number 10582)

Location:
An Gort Mór, Co. Galway
Teacher:
Criostóir Mac Aonghusa
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 239

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 239

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gort Mór
  2. XML Page 239
  3. XML “An Seanfhear agus Mac an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mhac Ríogh na h-Éireann a rabh na rudaí aige adubhairt sí leis. "Níl siad agam-sa" adubhairt mac an Ríogh "ach béidir go bhfuil siad ag mo bhuachaill aimsire". "Tá siad agam-sa" adubhairt an buachaill aimsire. "Gabh i leith annseo agam-sa agus tabhair dhom-sa iad". Chaith sé amach ar an urlár iad. "Ní bhéidh iallach ar m'athair an chloigeann a bhaint dhíot" adeir sí. Thug sí an mála siar sa seomra agus chuir sí i dtaisge iad. Faoi cheann sgathaimh na dhiaidh sin phós mac ríogh Éireann agus inghean an Ríogh. Bhí bainfheis ar feadh seachtmhaine aca. Nuair a bhí sí thart dubhairt an buachaill aimsire go rabh sé in am aige féin a bheith ag imtheacht anois. "Caithfe tú fanacht go níocfa mise tú a dhuine chóir" adubhairt mac Ríogh Éireann leis. "Ní fhanfad" adeir sé. "D'íoc tú cheana mé". "Níor thug mise aon phinghinn airgid dhuit ó tháinic tú go dtí mé" adubhairt mac an Ríogh. "An cuimhneach leat an lá ar íoc tú mo chuid fiaca ag doras an t-séipéil" adubhairt an buachaill aimsire. "Ó ní fhéadfa tú imtheacht". "Féadfa tú fanacht in éindigh linn an fhad agus a bhéas tú beó" adubhairt mac Ríogh Éireann leis an mbuachaill aimsire. D'fhan sé leó ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    AT0328: The Boy Steals the Giant's Treasure
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0505: Dead Man as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Ghaora
    Gender
    Female
    Age
    14
    Informant
    Miceál Ó Ghaora
    Gender
    Male
    Age
    60