Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thabhairt isteach agus is deachair sin a dhéanamh. Tá fhios agam sa céard is fearr dhuit a dhéanfadh. Cuir caonach ar thóin an tsiothláin agus tabhair isteach an t-uisge chuige. Thug an cailín an t-uisge isteach. "Is maith an cailín thú" a deir sí. Shuidh sí síos anois ag an teine agus cas amhrán. Is gearr gur thuit an tsean-bhean na codhladh. Bhí fhios ag an gcailín go rabh mála óir thuas sa silméar agus nuair a fuair sí an tsean-bhean codhladh [!] thug sí léithe an t-ór a bhí i bfolach. Shíl sí nach mbeadh fhios ag an t-sean-bhean é. Nuair a bhí sí ag dul amach an doras d'éirig an t-sean-bhean agus amach léithe indhiaidh an chailín. Nuair a chonnaic an cailín ag teacht í rith sí chomh mhaith agus bhí sí indhon. Ní fhaca an t-sean-bhean chor ar bith í mar bhí sí imthighthe. Nuair a bhí an bhean beagnach i ngar do mhuileann a bhí ann casadh fear uirri. "Dia dhuit" a deir an tsean-bhean. "Dia is Muire dhuit" a deir an t-sean-bhean. Ní fhaca tú aon ghearr-chaile ag dul an bóthair. Chonnaic" a deir an fear tá sí thuas sa muileann. "Ní fhaca tú aon mhála aice" Chonnaic a deir an fear "tá sé thuas sa muileann aice". D'imthigh an bhean léithe agus is gearr go dtáinig sí go dtí an muileann. Ní rabh an tsean-bhean istigh sa muileann ariamh agus ní rabh fhios(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghaora
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Mairead Ní Chonríog
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)