Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ua hUigín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
(gan teideal)

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

Bíonn na beithidhigh istigh san gcró gach oidhche sa'n geimhreadh...

Bíonn na beithidhig istigh san gcró gach oidhche sa'n geimhreadh agus bíonn síad cheanngailte ann. Seo iad ainmneacha na gceanngalachán a bhíonn's orra.
Laimcís: an ceanngal a bhíonn ag na teinncéiríar na capallaibh.
Búrac: Dá mbheadh bó drochmhúinte ann cuireann na daoine a bhíonn's ag bleaghaint na mbeithidhig sin a bhí ins an bpáirc. Cuireann siad an ceangal a na cosaibh deiridh.
Braighadán: Cuirtéar thart ar mhuinéal na mbeithidhigh é.Tá sé déanta de slabhra. Cuirtear tart ó ar cosaibh na mbeithidhig é uaireanta.
Crumeasg: Tá sé déanta de slabhra. Cuirtear thart é ar adarcha na mbeithidhigha an slabhra ar fhaithchíos go mbheadh beithidhig le breith agus béidir go ngorrtuigheadh na 'm beithidhigh leis na h-adarcha iad.
Bóithrín: Ceannglachán déanta de rópa agus cuirtearar chosaibh na mbeithidhig dá mbeadh siad bradach.
Cuing: rud déanta do rópa cuirtear thart ar mhuinéal na bó é.
Uair amháin bhí bean ina chomnaidhe i mbaile Árd. Lá amháin nuair bhí beithidhig an bhaile ag dul amach ar an sliabh. Bhí an bhean istigh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Áine Nic Ghoill
Inscne
baineann
Seoladh
An Dún, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Bríghid Ní Chéidigh
Inscne
baineann
Aois
82
Seoladh
An Dún, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge