Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 124
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tuairm's céad go leith no dhá chéad bliadhain ó shoin, do chomnuigh tighearna talmhán thíos ar an gCnoc Bán....”
Tuairm's céad go leith no dhá chéad bliadhain o shoin, do chomnuigh tighearna talmhan thíos ar an gCnoc bán atá tuairims míle ó scoil (an) Bhaile Nua fear dona a bhí ánn, agus ní raibh tada ag deanamh imnidhe dhó ach tuille talmhan.
San am céadhna bhí dream eile de muinntir o h-Allmhuráin ina gcómhnaidhe ar Oileán an Caisleán atá ar loch an Chnuic Bháin. Bhí muinntir o h-Allmhuráin an bocht cé go raibh duithche talmhan acú. Ní raibh ina chómhnaidhe ar an oileán ach an Sagart O h-Allmhuráin agus a dhriotháir.
Lá amháin chuaidh an driotháir chómh fada leis an Tighearna talmhan agus d'iarr sé iasacht airgid air, agus go mbeadh sé lé'n íoc aige ar a leithidhe seo de lá, ag an dó-dhéag a chlog. Dubhairt an tighearna talmhan go dtúbharfadh, ach go gcaithfheadh o h-Allmhurán a dhúithche a chur i mbannaibh leis. Bhí o h-Allmhuráin sásta leis sin a dhéanamh. Anois fear glic, drochmhúinte, a bhí sa tighearna talmhan, agus níor theastaigh uaidh acht greim a fhágail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ua Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Cearra
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe