Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 101
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Aon lá amháin bhí fear ag siubhal an bóthair agus casadh gobán agus a mhac air.”
Aon lá amháin bhí fear ag siubhal an bóthair agus casadh Gobán agus a mhac air. 'Sé an t-ainm a bhí ar an bfear Micheál Ó Céidigh agus do chomhnuigh sé i gCluain Oibh atá i bfoisgeacht cheitre mhíle go baile Mór na Gaillimhe.
"Dia dhíobh" arsa Micheál le Gobán agus a mhach.
"Dia 's Muire dhuit," arsa Gobán. Bhíodar tamall ag cainnt agus annsin dubhairt Gobán.
"An misde dhúinn fiafhruighe cé'n áit a bhfuil tú ag dul."
"Ní misde, muis" arsa Micheál, "tá mé ag dul ag baint dioghaltais de'n Chailleach Bhéarra mar gheall ar mo bheirt dhriotháir a mharbhuigh sí ag baint fhéir." San am sin bhí chúig phunt le fághail ag duine ar bith a bhainfheadh na cosa de'n Chailleach Bhéarra ag baint fhéir.
"Ach ní fheichim aon speal agat" arsa Gobán.
Níl aon speal agam" arsa Micheál, "acht tá mé ag dul ag cuartú gabhann a dhéanfhas speal mhaith dom.
"Ní dhéanfhaidh aon gabha timcheall na h-áite seo speal sáthach maith duit," arsa Goban. "Teirigh ag a leithéide seo de bhean agus geohaidh tú í ag nigheachán éadaigh in abhainn. Fiafhruigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraigh Ó Dorchaidhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraigh Ó Gabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 31
- Seoladh
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe