Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 073
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Deirtear go bhfuil ór le fágháil i Mám Éan timpeall sé mhíle siar ó Uachtarárd.”
Deirtar go bhfuil ór le fágháil i Mám Éan timcheall sé mhíle siar ó Uachtarárd. Bhí fear in a chomhnuidhe shiar ann fadó agus oidhche amháin dá raibh sé in a chodhlad bhí brionglóid aige agus sé an bhrionglóid a bhí aige go raibh ór lé fágháil in aice droichid a bhí i Luimneach. Nuair a deirigh sé ar maidin thosuig sé ag imtheacht leis agus níor bhain sé méar dhá chluáis gur shroich sé an droichead a bhí sé ag brionglóideadh air. Nuair a shroich sé an áit bhí caibhléir ag deasú bróga le hais an droichid agus dubairt an fear leis go raibh broingloid aisteach aige tá cupla oidhche ó shoin.
"Ar mhiste dhuit," arsa an caibléir," é innseacht dhom agus bféidir go bhféadfhainn é míniúgad dhuit."
"Muise inseóchaidh mé dhuit é mar sin," arsa fear na mbrionglóid.
"As Mám Éan mise," arsa sé, agus bhí briongloid agam(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig Ua Dhuibheannaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Raithní, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nioclás Ua Dhuibheannaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc Raithní, Co. na Gaillimhe