Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 148
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Nuair a bheadh tú ag teacht ó Ghaillimh go hUachtarárd...”
Nuair a bheadh tú ag teacht ó Ghaillimh go hUachtarárd tiocfadh go dtí an baile beag Maghcuilinn agus túairm 's dhá mhíle i dtreo loch Coirrib tá cúpla ballaí de'n sean Caisleáin Tulach Cadhain. Ceann de na Flathartaibh a bhí in a chómhnuidhe annsin sul ar thuit an caisleán. Tá sé suidhte i ngleann agus tá sé an-ghar de'n sgoil Tulach Cadhain agus níl sé i bhfad ó Loch Coirrib. Ní raibh ach an Flathartabhach é fhéin in a chómhnuidhe san gcaisleain agus dá bhríg sin bhí na Sasanaigh in a dhiaidh i gcómhnuidhe. Lá amháin tháinig bean déirce chuige agus d'iarr sí deirce air. Tug sé seomra dí ar bhárr an chaisleáin. Bhíodh an t-sean-bhean in-a cómhnuidhe san t-seomra gach oidhche. Lá amháin tháinig sí chuige an-deifrear agus dubhairt dhó, "Tá an Red Coats ag teacht agus is fearr dhuit an chaisleáin a fhágháil", "ná bac leo," arsan Flathartabhach, "marbheíchainn íad." Tháinig an bhean chuige lá eile agus dubhairt sí arí dhó an a fhágáil mar go raibh na Red Coats ar tí a Chaisleáin a leagafh ar an taobh dheis agus go raibh na Gaobhail ar an chlé. Ach ní raibh an Flathartabach corruighthe ach cúpla slait(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eoghan Ó Cabhain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na bhFia, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Eoghan Ó Cabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Gort na bhFia, Co. na Gaillimhe