Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 140
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bíonn na beithidhigh istigh san gcró gach oidhche sa'n geimhreadh...”
Bíonn na beithidhigh istigh san gcró gach oidhche sa'n geimhreadh agus bíonn síad cheangailte ann. Seo iad ainmneacha na gceangalachán a bhíonn's orra.
Laincís .. An ceangal a bhíonn's ag na teinncéirí ar na Capallaibh.
Búrac .. Dá mbheadh bó drochmhúinte ann cuireann na daoine a bhíonn's ag bleaghaint na mbeithidhigh sin a bhí ins an bpairc. Cuireann siad an ceangal ar na cosaibh deiridh.
Braghadán .. Chuirtear thart ar mhuinéal na mbeithidhigh é. Tá sé déanta de slabhra. Cuirtear thart é ar cosaibh na mbeithidhigh é úaireanta
Crumeasg .. Tá sé déanta de slabhra. Cuirtear thart é ar adarcha na mbheithidhigh an slabhra ar fhaithchíos go mbheadh beithidhigh le breith agus béidir go n gortuigheadh na 'm, beithidhigh leis na h-adarcha iad.
Bóithrín .. Ceanglachán déanta de rópa agus cuirtear ar chosaibh na mbeithidhigh dá mbheadh siad bradach.
Cuing .. Rud déanta do rópa cuirtear thart ar mhuinéal na bó é.
Uair amháin bhí bean ina chomnaidhe i mbaile Árd. Lá amháin nuair bhí beithidhigh an bhaile ag dul amach ar an sliabh. Bhí an bhean istigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic Ghoill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Chéidigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe