Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo iad na comharthaí lé na n-aithnightear go bhfuil aimsir dhona lé teacht.Má bhionn bogha ar an ngealaigh
Má bhionn dath copair ar an spéir, ag dul faoí don ngréin.
Má bhionn spéir slinne ánn.
Má bhionn an spéir ag breathnúghadh an ghar don talamh.
Má bhionn ceó lé linn deireadh gealaighe.
Má bhionn go leór téadracha, lé feiceál, ar lá gréine
Má bhionn solus dona ar an ngréin.
(Corr-uair) ma bhionn an (goth) gaoth andheas ag séideadh
Má bhionn na faoilleáin, in a luighe ar an talamh tirm, tar éis teacht ón bhfairrge dhóibh
Má bhionn madraí ag ithe féir ghlais.
Má bhionn na h-iodáil lé cloisteál ins na srutháin.
Má bhionn na filipíní in a luighe ar na garrantaí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ua Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Cearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe