Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 143
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá cuinneóg ag bean an tighe sa mbaile.”
Tá cuinneóg ag bean an tighe sa mbaile. Tá sé trí troighthe ar aoirde. Tá an cum níos leithne na an bárr. Tá lataí iarrainn tart air agus tá siad tuairim is órlach ar leithead. Ní tuitfinn an tóin as mar bíonn se istigh i bhfuair. Tá an caipín níos leithne ar a bhárr na ta se ina bhun, ionnus nach dtuitfeadh an chlár síos sa gcuinneoig.
Bíonn go leór uirlúsí ag an gcuipéar nuair a bhíonns sé ag déanamh na cuinneóige. Seo iad na h-ainmneacha ata ortha.
Punnsúír. Rud beag déanta diarainn.
Siséal. Gearann sé na cláireacha leis. Rud gearr é agus bíonn sé déanta d'iarainn.
Lochar. Píosa ádhmaid agus bíonn leann síos i bpoll mór a bhíonns san ádhmad.
Leibhéal. Píosa ádhmaid agus bíonn rud fada déanta as gloinne ann, agus bíonn rud ar nós uisge istigh san ngloinne.
Compas. Dhá píosa iarainn agus bíonn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Conghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraigh Ó Gabhán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe