School: Baile Nua (roll number 15331)
- Location:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ua hUigín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua
- XML Page 101
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Aon lá amháin bhí fear ag siubhal an bóthair agus casadh gobán agus a mhac air.”
Aon lá amháin bhí fear ag siubhal an bóthair agus casadh Gobán agus a mhac air. 'Sé an t-ainm a bhí ar an bfear Micheál Ó Céidigh agus do chomhnuigh sé i gCluain Oibh atá i bfoisgeacht cheitre mhíle go baile Mór na Gaillimhe.
"Dia dhíobh" arsa Micheál le Gobán agus a mhach.
"Dia 's Muire dhuit," arsa Gobán. Bhíodar tamall ag cainnt agus annsin dubhairt Gobán.
"An misde dhúinn fiafhruighe cé'n áit a bhfuil tú ag dul."
"Ní misde, muis" arsa Micheál, "tá mé ag dul ag baint dioghaltais de'n Chailleach Bhéarra mar gheall ar mo bheirt dhriotháir a mharbhuigh sí ag baint fhéir." San am sin bhí chúig phunt le fághail ag duine ar bith a bhainfheadh na cosa de'n Chailleach Bhéarra ag baint fhéir.
"Ach ní fheichim aon speal agat" arsa Gobán.
Níl aon speal agam" arsa Micheál, "acht tá mé ag dul ag cuartú gabhann a dhéanfhas speal mhaith dom.
"Ní dhéanfhaidh aon gabha timcheall na h-áite seo speal sáthach maith duit," arsa Goban. "Teirigh ag a leithéide seo de bhean agus geohaidh tú í ag nigheachán éadaigh in abhainn. Fiafhruigh(continues on next page)- Collector
- Pádhraigh Ó Dorchaidhe
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Nua, Co. Galway
- Informant
- Pádhraigh Ó Gabháin
- Gender
- Male
- Age
- 31
- Address
- An Baile Nua, Co. Galway