Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ua hUigín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua
  2. XML Leathanach 141
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bíonn na beithidhigh istigh san gcró gach oidhche sa'n geimhreadh...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    sa n-garrdha agus nuair bhí na beithidhigh ag dul thart léim an bhean amach agus bhí corán ina lámh aicí agus gach bó dár imthigh thart chuir an bhean an chorán isteach i gcosa deiridh gach bó. Nuair bhí sí dhá dheanamh seo bhí sí á rád "Im na bó seo ar mo cuineóig sa", Dfhreaghair an fear í, "Nuair a fheiceas tú do chuineóg na raibh aon bhainne ann agus go mbí sé briste ar fud an tighe.
    San am fadó bhí fear ina comhnaidhe i n-Othaire [?] Lá amháin timcheall an dó a'clog thosaigh sé ag deanamh maistrigh. Nuair bhí sé beagnach déanta aige tháinig fear isteach agus shuidh sé síos ar stól fada a bhí ins an gclúid agus thosaigh sé ag caitheamh tobach. Dubhairt an fear eile leis ",Eirigh suas agus dean tamall do'n mhaistreach "Dubhairt an fear deirce. "Ní dheanfhaidh mé buile a bhualadh ar do chuineóig" Dubhairt an fear eile, "Bhí an t-im ar an mbainne sul ar tháinig tú isteach annseo. Deirigh an fear beag deire agus rith sé amach. Nuair bhí an fear ag innseacht an sgéil faoi an bhfear deirce agus dubhairt sé ".Nuair a deirigh an fear rith sé amach agus bhí an an [!] t-ím ar fad greamuighthe taobh thiar dá druim.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Nic Ghoill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Chéidigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    82
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe