Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 088
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- C. Uisge i nglas gort gan talann ná sáile?
F. Uisge i gclais fataí.
C. Bíonn sé an bhuis bíonn sé ar bhais bíonn sé an bhárr na gclocha nglas téigheann sé anonn go tír na luinge 's thagann sí abhaile arít ar ais?
F. Ceó.
C. An fear a rinne é níor chaith sé é, an fear a chaith é ní faca sé é?
F. Cónra.
C. Chaith mé suas é chomh geal le sneachta is tháinig se anuas chomh búidghe le óir?
F. Ubh.
C. Bíonn se a mhóinféar 's ní gearrtar é bíonn sé sa siopa is ní díoltar é?
F. Gach gréine.
C. Saighúirín dearg ar bhárr a crainn cloc ina bholg 's maide ar a druim?
F. Áirne.
C. Chonnaic beirt é bhain cuigear é is leig ceann amháin siar é?
F. Ubhall
C. Tá teachín beag agam agus ní shuidheadh luch ann agus an méid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Cualacha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Na Cualacha, Co. na Gaillimhe