Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 200

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 200
  3. XML “Fathaigh - Gioll Sciath”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dó, chonnaic sé teach breagh mór, leag sé sios an cliabhán agus a mhathair ann, chuaidh isteach, agus d'fiarr sé obair. Bhí faitchios ar muinntir an tighe é a dhiultughadh, agus dubhradh leis go bhfuigheadh sé obair. I dtosach tugadh béile do agus d'a mhathair freisin.
    Nuair a bhí an béile caithte aca dubhradh le Gioll go raibh gamhain amuigh i bpáirc agus go gcaithfeadh sé é a tabhairt isteach. Nuair a chuaidh sé amach ceard a bheadh sa bpáirc acht tarbh fiadhan, agus chomh túisge is a chonnaic sé Gioll rinne sé air. Rinne Gioll ar an tarbh freisin, rug sé air, d'iomchur sé isteach é, agus d'fág ag doras an tighe é. Cheap muinntear an tighe go mharbhochadh an tarbh Gioll acht ní mar sin a bhí an sgéul. Chuimnigheadar annsin ar áit a raibh piast mór neimmhneach. Bí poll ag an bpéist istigh fá crann mór árd. Thugadar tuagh do Gioll agus dúbhradh leis an crann a leagaint. Chuaidh sé amach agus tosuigh se ag gearradh an chrainn. Tháinig an phiast amach as a poll, acht nuair a chonnaic sí Gioll, bhí faithchios chomh mór sin uirthi, is gur leag Gioll an crann, chuir sé ar a druim é agus thiomáin sé í go socar reidh isteach chun an tighe. Nuair a chonnaic muinntir an tighe, Gioll agus an phiast , agus an crann ar a druim, ag tigheacht, biodar ag tuitim le sgrannradh. Fuaradar mála óir, thugadar do Gioll é, agus d'iarradar air dhul abhaile airís. Tháingi sé féin agus a mháthair abhaile, agus bhí saoghal breagh suaimhneach aca in a gCaisleán i gCill-Sgeachach uaidh sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán de Faoite
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán de Faoite
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe